Malachy - Cén saghas struchtúir, nó ar cén leibhéal atá an ciorcal comhrá i mBrian Boru? D'fhreastal mé an ceann san Ilac uair nó dhó ach ni raibh sé díreach cad a bhí á lorg agam, caitheann siad an t-am ag léamh sliochta as leabhar, agus ansin aistríonn siad an tsliocht sin... is féidir liom é sin a dhéanamh sa bhaile mé féin, táim ag lorg níos mó cainte, - an gceapann tú go mbeidh an ceann i mBrian Boru níos oiriúnaí? Cé mhéad daoine a mbíonn ann de ghnáth? agus ceist eile, an mbeidh sé oiriúnach do dhuine atá ag dul ina aonar, gan aithne ar aon duine? go raibh maith agat!