Ní measa thú ná oide do mhúinte

Latest post Thu, Jan 9 2014 20:26 by seano. 0 replies.
  • Thu, Jan 9 2014 20:26

    • seano
    • Top 10 Contributor
    • Joined on Fri, Nov 28 2008
    • Posts 566
    • Points 5,302

    Ní measa thú ná oide do mhúinte

    Seo ceann spéisiúil a tháinig chugainn mar r-phost ó Ephrem, a bhfuil Gaeilge mhaith aige, de réir cosúlachta. Ba mhaith leis míniú a fháil ar an tseanfhocal seo Ní measa thú ná oide do mhúinte. Caithfidh mé a admháil nár chuala mé an seanfhocal nó an nath cainte seo riamh ach is breá liom é. Níl mé iomlán cinnte faoin chiall, ach tá mé ag déanamh gurb ionann é a bheag nó a mhór leis an tseanrá choitianta sin i mBéarla na hÉireann, "You didn't lick that up off the street". Baintear úsáid as seo le labhairt faoi thréith nó faoi bhua atá ag duine (bíodh an tréith sin olc nó maith) agus a bhí ag a mhuintir roimhe agus atá sa dúchas acu. B'fhéidir nach é sin an léirmhíniú ceart ach má tá tuiscint níos fearr ag duine ar bith amuigh ansin, ní chuirfidh sé olc orm a mhalairt de thuairim a chluinstin!

    This is an interesting one which reached us as an email from Ephrem, who seems to have good Irish. He wants an explanation for a proverb Ní measa thú ná oide do mhúinte (You are no worse than the one who taught you). I have to admit that I have never heard this proverb or expression but I love it. I am not completely sure of the meaning but I would assume that it is more or less the same as the common expression in Irish English, "You didn't lick that up ff the street". This is used to talk about a trait or a talent which a person has (either good or bad) and which their family before them had and which is in the genes. Maybe that's not the right interpretation but if anyone out there has a better understanding of it, I won't take offence if I hear a different opinion!

    • Post Points: 5
Page 1 of 1 (1 items) | RSS
Learn Irish with Talk Irish, 117a Ormeau Road, Belfast, BT7 1SH, N Ireland
© Copyright 2019 TalkIrish.com  -  Privacy Policy  -  About Us  -  Jobs  -  News  -  Links